School: Céideadh (roll number 4809)
- Location:
- An Céideadh, Co. Donegal
- Teacher: E. Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Céideadh
- XML Page 1h
- XML “An Bhean agus an Capall Uisce”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean na comhnuidhe i nÁrainn am amhain darbh ainm Roise Bhán. Bí cuid mhór coarach aici agus bhíodh siad amuigh ar an chnoc i gcomhnuidhe. Lá amhain d'imthigh sí amach a gcuartughadh agus chuaidh sí go bárr binne a bhí os cionn na fairrge. D'amhairc sí síos agus chonnaic sí capall uisge ag teacht aníos éadan na binne. Níor stad an beathaidhe go rabh sé aníós ar an fhéar comhgarach do'n bhean. Scannruigh Roise. Rith sí agus an beathaidhe 'na diaidh. Bhí an beataidhe teacht níos comhgaraighe agus shíl Roise go rabh sí gaibhthe. Ní rabh fhios aici caide dhéanfadh sí agus smaoitigh sí ar chleas. Bhí cloch mhór roimpí. Bhain sí dathe [?] go gasta is thiocfadh leithí clóca dearg a bhí sí ag cathadh agus spréigh ar an chloich é.
Nuair a chonnaic an beathaidhe sin shíl sé gurb í an bhean a bhí ann agus leim sé ar an chóta dhearg agus leis an rása a bhí leis bhris sé a mhuinneal i n-éadan na cloiche.
Bhí Roise i bhfolach i gcúl claidhe agus(continues on next page)- Collector
- Síghle Ní Chnáimhsighe
- Gender
- Female
- Address
- An Chloch Ghlas, Co. Donegal
- Informant
- Doimic Ua Cnáimhsighe
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- An Chloch Ghlas, Co. Donegal