School: Straleel (roll number 16033)
- Location:
- Srath Laoill, Co. Donegal
- Teacher: Brian Ó Breisleáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Straleel
- XML Page 7
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí rí sa domhan thiar am amháin agus bhí triúr nighean aige.”
(continued from previous page)Bhí siad ag siubhal leobhtha ar feadh a bhfad. Sa deireadh chonnaic siad solús beag i bhfad uatha agus tharraing siad air. Goidé bhí ann acht beochán beag toighe. Chuaidh siad isteach. Ní rabh duine ar bith na chomhnuidhe ann acht gábha dubh agus a bhean. D’iarraidh siad don ghábha an gcoinneochaidh sé iad go maidín.
Dubhairt an gábha nach rabh mórán áite aigesan daobhtha agus nach rabh greimbidh aige le tabhairt daobhtha le hithe acht giota beag aráin mín-bhuidhe. I geás ar bith fhán siad.
Ins an oidhche nuair a bhí a sgríste déanta acu D’iarraidh siad don gábha an rabh fhios aige an rabh árus ar bith thart annseo. Dubhairt an gábha go rabh árus ann cinnte acht nac rabh fhios aige-san cé bhí na chomhnuidhe ann. “Bhel” ars an mac ba sine” maidín amárach gabh na bhaile mhór. Ceannuigh trí fiche féadh de rópa agus clog domhsa. Féachaidh mé an rópa a rachaidh síos ins an árus go bhfeicidh mé cé tá na chomhnuidhe ann. Bhí gó maith agus ní rabh go holc.
D’imthigh an gábha dubh na bhaile mhór. Cheannuigh sé trí fiche féadh de rópa agus clog. Nuair a tháinig sé abhaile thug sé iad dón mac bá sine. Annsin d’imthigh na triúir mac agus an gábha dubh go dtí árus. Nuair a tháinig siad fhad leis an árus cheangal an mac ba síne an rópa faoi na dhá aisgil. Thug sé an clog leis. “Anois” ars seisean “nuair a chluineas sibh-se an clog seo tarraingidhidh go brúach arais mé”. Leig sé é fhéin síos ar an rópa acht nuair a bhí sé fá thuairm leath bealaigh bhuail sé an clóg. Tharraingt na fir eile go brúach é. Tháinig sé aníos gan fíos aige cé bhí na chomhnuidhe san árus.
“Bhel anois” ars an dara mac “rachaidh mise síos”. Cheangal sé an rópa faoi na dhá airgil agus thug sé an clog leis leig sé é fhéin(continues on next page)- Collector
- Brighid Nic Bhriartaigh
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- An Charraig, Co. Donegal
- Informant
- Seamus Ó Gáibhtheacháin
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Age
- 60