School: Straleel (roll number 16033)
- Location:
- Srath Laoill, Co. Donegal
- Teacher: Brian Ó Breisleáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gur chualaidh sé iomrádh ar Proinnsias Dubh Mac Aodha agus go rabh sé ag tarraingt air. Chuir Proinnsias céad míle fáilte roimhe agus thug sé leis é fhad le na theach fhéin.
Lá amháin dubhairt Cuirrisgin le Proinnsias Dubh go dteachaidh an fear ba shaidhbhire i mBaile Atha Cliath ar shiubhal ar a laethe saoire agus na rabh sa bhaile acht [a?] agus cupla cailín eile agus gur choir daobhtha a ghabhail annsin agus an méid airgid a bhí ins an teach a thabhair leobhtha. An lá thar na bharach d’imthigh Proinnsias Dubh agus Cuirrisgin ag tarraingt ar Baile Atha Cliath. Nuair a chuaidh siad isteach go Baile Atha Cliath bhí an oidhche ann. D’fhan siad annsin go dteachaidh na daoine uilig i luighe. Annsin chuaidh siad isteach sa teach. Bhí ingean an fir uasail ann agus d’iarr Cuirrisgin ar Phroinnsias Dubh í a marbhughadh. Dubhairt Proinnsias leis nach ndéanamh sé dún-mharbhughadh ar bith annseo anocht. Le sin thainig na saighdhiurí isteach ar an doras agus siud amach an bheirt eile ar an cúl doras agus sin an rása fríd cnuic agus sleibhte. Sa deireadh fuair siad greim ar Phroinnsias Dubh Mac Aodha agus thug siad arais go Baile Atha Cliath é agus crochadh é.
Bhí Cuirrisgin ar a seachnu a rith an ama seo. Bhí fir ina dhiaidh oidhche agus lá acht ní tiocfadh leo greim a fhaghail air. Ins an deireadh fuair sé fhad leis an Óilean Úr. Cuireadh fir in a dhiaidh annsin. Trathnóna amháin fuair na fir barraillí agus bhí siad ag iarraidh léimnigh isteach [?] gcionn agus (amháin) amach sa chionn eile. Thainig fear [?] thart agus dubhairt sé go rabh fhios aige san fear agus go(continues on next page)- Collector
- Mairead Ní hAmhlaoibh
- Gender
- Female
- Address
- An Bogach, Co. Donegal
- Informant
- Brian Ó hEigeartaigh
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Age
- 78
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Bogach, Co. Donegal