School: Bó Ros (Bouris)
- Location:
- Glenbaun, Co. Mayo
- Teacher: Breandán Ó Lionáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Bó Ros (Bouris)
- XML Page 206
- XML “Tobar Phádraig”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Deich slata fichid siar ó'n Altóir, ar thaobh an chnoic (?) freisin, tá cloch mhór a bhfuil poll mór doimhin cruinn (?) ann . Tá an poll tuairm is deich n-orlaigh ar leithead agus cúig orlaigh doimhin. An lá a chonnaic mise é bhí sé lán d'uisge, acht deirtear liom go mbíodh (?) sé tirim san aimsir thirm. Shiubhladh an duine a bhéádh ag tabhairt an turais trí h-uaire thimcheall ar an gcloich seo, ag rádh 3 " Ár n-Athair " agus 3 " Sé do Bheatha Mhuire " len a linn sin do. Annsin shiubhladh sé ó thuaidh 20 slata go dtí an tobar agus d'abruigheadh an Paidrín ar a ghlúnaibh i mbéal an tobair.Bhí Piast Bhán ins an tobar agus dá mbéadh leigheas in ann do'n duine nó do'n bheithidheach bhí tinn d'fheicfidhe an Phiast ag snámh thart ar thóin an tobair. Acht mara mbéadh leigheas in ann do'n othar ní feicfidhe aon amharc ar an bpéist, nó d'a bhfeicfidhe féin is ag imtheacht as amharc a bhéadh sí.Tugtaí abhaile cuid de'n uisge agus tugtar le n-ól do'n othair é. Nuair bhíodh an turus tugtha ag an duine ba ghnáthach ofráil eichínt a thabhairt ag an tobar . D'fhágadh na mná biorán gruaige, nó bonn coisgicthe, nó rud eichínt de'n tsórt ann. Buinn, nó sean-sgabaill, ní (?) pinginn a d'fhádadh na fir ann.