School: Bó Ros (Bouris)
- Location:
- Glenbaun, Co. Mayo
- Teacher: Breandán Ó Lionáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Bó Ros (Bouris)
- XML Page 204
- XML “Sloinnte sa gCeantar”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ó thus aimsire anuas go dtí Conradh Luimnighe ba le Clainn Uí Mháille an chuid is mó de’n dá bharúntacht [?] seo, nó b’iad na Máilligh a bhí ‘na dtaoisigh ann. [?] ag cur síos ar an gcineadh seo níos grinne ar ball. Shíolruigh said ó Chonall, mac dearbhráthara Néill Naoi Ghiall [?].
Bhí Clann Mhic Ghiobúin an-tréan thimcheall ar Cluan Chearbháin ariamh agus tá fós. Bhíodar ‘na dtaoisigh faoi na Máilligh.
Mac Philibin an cineadh ba thréine thimcheill ar cheanntar Achaidh Fhobhair, agus ba í Clann Mhic Dhomhnaill a ba thréine ag Oileán Éadaigh.
I mBéal a’ Churraigh a bhí Mac [?] Bairéad, Mac Pháidín agus Mac [?]
Bhí na Seóighigh thimcheall an Líonáin agus Mám Treasna agus bhí Mac [?] Grádaigh thiar ag Leitir Fraoich agus na Flaitheartacha an-tréan ar fud Chonamara thiar agus ó dheas.
Ó Tomhnair: bhíodar ‘na gceoltóirí ag righthe Chuige Chonnacht.
Ó Ceallaigh: ba leo Co. Shlighigh agus an cuinne thoir-thuaidh de Mhuigheo.
Mac Oireachtaigh: barúntacht Muirrisc. Is ag an cinneadh sin a d’fhág Naomh Pád an clog len ar dhíbir sé na h-ollphiaca [?]
Moirtiméir agus Priondargás - dhá coneadh Normánach a tháinig ó mBreatain le Strongbó.
Mac Giolla (Mackel) – sean-ainm Gaedhealach.