School: Bó Ros (Bouris)

Location:
Glenbaun, Co. Mayo
Teacher:
Breandán Ó Lionáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0138, Page 204

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0138, Page 204

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bó Ros (Bouris)
  2. XML Page 204
  3. XML “Sloinnte sa gCeantar”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ó thus aimsire anuas go dtí Conradh Luimnighe ba le Clainn Uí Mháille an chuid is mó de’n dá bharúntacht [?] seo, nó b’iad na Máilligh a bhí ‘na dtaoisigh ann. [?] ag cur síos ar an gcineadh seo níos grinne ar ball. Shíolruigh said ó Chonall, mac dearbhráthara Néill Naoi Ghiall [?].
    Bhí Clann Mhic Ghiobúin an-tréan thimcheall ar Cluan Chearbháin ariamh agus tá fós. Bhíodar ‘na dtaoisigh faoi na Máilligh.
    Mac Philibin an cineadh ba thréine thimcheill ar cheanntar Achaidh Fhobhair, agus ba í Clann Mhic Dhomhnaill a ba thréine ag Oileán Éadaigh.
    I mBéal a’ Churraigh a bhí Mac [?] Bairéad, Mac Pháidín agus Mac [?]
    Bhí na Seóighigh thimcheall an Líonáin agus Mám Treasna agus bhí Mac [?] Grádaigh thiar ag Leitir Fraoich agus na Flaitheartacha an-tréan ar fud Chonamara thiar agus ó dheas.
    Ó Tomhnair: bhíodar ‘na gceoltóirí ag righthe Chuige Chonnacht.
    Ó Ceallaigh: ba leo Co. Shlighigh agus an cuinne thoir-thuaidh de Mhuigheo.
    Mac Oireachtaigh: barúntacht Muirrisc. Is ag an cinneadh sin a d’fhág Naomh Pád an clog len ar dhíbir sé na h-ollphiaca [?]
    Moirtiméir agus Priondargás - dhá coneadh Normánach a tháinig ó mBreatain le Strongbó.
    Mac Giolla (Mackel) – sean-ainm Gaedhealach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish