School: Sraith na mBannrach (roll number 3300)
- Location:
- Srahnamanragh, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Eachmharcaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sraith na mBannrach
- XML Page 59
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)C. Triúir, ceathar codramántaí
Ceathar mín mall
Gan súil ná béal i gceachtar aca
Agus iad uilig ag cainnt.
Fr. Ceathrar ag iomradh i mbádC. Capall iarrainn, searrach lín-éadaigh, ag dul treasna droichid cnáimh
Fr. Bean ag fuagháilC. Ceathair ar crith
Ceathair ag rith
Agus macaidhe mul radaire
Ag rith ar an méid sin
Fr. Bó ag rithC. M’athair mór ag dúdaireacht
Fr. Deatach as simléirC. Punt ar caoirigh, cé mhéid sineadh ar ucht caorach
Fr. Dhá shineadhC. Trí cailleacha déag (d’éag) ag dul go dtí an roilig
Gan acht trí chárr aca agus an uimhir chéadna i ngach cárr
Fr. Ní raibh ann acht trí cailleacha a d’éag(continues on next page)- Collector
- Daltaí na scoile