School: Sraith na mBannrach (roll number 3300)
- Location:
- Srahnamanragh, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Eachmharcaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sraith na mBannrach
- XML Page 100
- XML “Éisc”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Fíor-Uisge:
Tá na bradán, bric geala agus bric ruadha fairsing i n-abhainn Bhaile an Mhianaigh agus san Abhainn Glas. Tá bric ruadha agus eascoin fairsing i ngach uile lochán sléibhe sa cheanntarSáille:
Fear san nDún Átha Aontaine Ó Catháin, tá cáil ar a chuid iasgaireacht agus ní fhacas féin fós aon iasgaireacht cosamhail leis. Iasgaireacht turbóid a ghníos sé.
Baineann sé de a chuid éadaigh agus siubhlann leis amach sa sáile go n-a ghuailnibh ar an ngainimh mhín san áit ar a dtugtar An Tráigh Bhuidhe i nDún Átha. Beireann leis a shleagh atá ocht dtroighthe ar faid agus dubhán deilgneach ar a bharr aige. Feiceann an turbóid in a luighe ar an ngainimh agus sáitheann sé leis an bpíce é. Is annamh ar fad go n-éirigheann leis iasg a éalodh leis uaidh. Chonnaic mé ag iasgaireacht é agus tá an píce mar an léaráid so thíos- Collector
- Tomás Breathnach
- Gender
- Male
- Occupation
- Príomhoide
- Informant
- Maire Bean Mhic Aindriú
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Knockmoyleen, Co. Mayo