Volume: CBÉ 0370
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)aca teinidh bheag dheas ar an teallach.
Bhí leabhaidh chóirigh i dtaoibh an toighe mar bhíodh ann achan teach roimhe seo agus
an seanduine ’na shuidhe ar cholba na leabhtha.
Nuair a fuair muid muid féin
go measara tirim leis an teinidh
bhain Aodh Ó Domhnaill ar shiubhal amach agus chuaidh mise i gcionn mo chuid oibre.
Chuir mé ceist ortha fá na leithid siud de sheanchas agus fá na leithid seo de sheanchas
agus bhí sin aca go leór; thoisigh mé agus lion mé suas
duisín eitean agus gan a bheith i
bhfad leis.
Nuair a bhí sin déanta, thug mé
liom an t-Edífón arais agus bhain mé teach Shorcha Conaill (Sorcha Nic Grianna) amach. Chuir sí sin fáilte romhain agus chuir ceist orm an rabh "Éan na
Sgéalaidheacht" indiú arais liom; ba sin an t-ainm a thug sí ar an
Édifón.
Nuair a fuair mé socair istigh
chuir mé ceist uirthí a dtiocfadh léithe(continues on next page)