Volume: CBÉ 0370
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)fhaghail do na cuid cearc agus go gcuirfeadh
sin ar gor iad. Thug sé buideal díthe
lé tabhairt do'n tseanduine agus d’iarr
sé uirthí ar an bhealach ’na’ bhaile a
ghabhail ’un tsiopa agus buideal de na
léithid sé de chomhgaisí fhaghail a bhéarfadh
sí do na cearca. Fuair sí an dá
bhuideal agus bhain sí an baile amach.
D'fhág sí an dá bhuideal ar an tabla
agus d’imthigh sí amach a giollacht ar
an eallach. Tháinig an seanduine isteach
agus bheir sé ar cheann dé na buideail
agus bhain sé súimín as. Nuair a
tháinig sise isteach tamhall na dhiaidh sin
bhí an seanduine crunthaigh agus basgaid
mhór uibheach a bhí aicí crunthaigh fosta.
Nuair a b'fhada léithe a bhí sé amuigh
chuaidh sí amach ar a lorg. Ach ní
rabh sé lé fághail. Chuartaigh sí thíos
agus thuas; sgairt sí ar na comhars-
anuigh fá dheireadh, shíl sí gur marbh
i gcúl claidhe na díge a gheobhfaidh é.
Thoisigh an cuartughadh; achan choirneal
(1) bolgan beag(continues on next page)