Céimeanna an tionscadail

2012-2013

Cuireadh tús le tionscadal Dúchas in 2012, nuair a cruthaíodh cartlann dhigiteach d’ábhar Bhailiúchán na Scol agus córas saincheaptha bainistíochta sonraí agus eagarthóireachta d’fhonn an t-ábhar a innéacsú. Forbraíodh agus dearadh comhéadan poiblí chun an t-ábhar digitithe innéacsaithe a chur ar fáil don phobal. Foilsíodh 80% (c.64,000 mír) d’ábhar ceithre chontae (Baile Átha Cliath, Dún na nGall, Port Láirge, Maigh Eo) as Bailiúchán na Scol ar www.duchas.ie i mí na Nollag 2013.

2014-2016

Rinneadh digitiú agus innéacsú ar imleabhair cheangailte uile eile Bhailiúchán na Scol mar aon le sciar de chóipleabhair ó na scoileanna úd nach bhfuil ábhar uathu san áireamh sna himleabhair. Anuas air sin, rinneadh forbairtí breise ar an gcartlann dhigiteach, ar an gcóras bainistíochta sonraí agus eagarthóireachta agus ar an gcomhéadan poiblí. Forbraíodh acmhainní breise (innéacs sloinnte, Meitheal Dúchas.ie agus sainchuardaigh áirithe, mar shampla) chomh maith. Bhí Taisclann Dhigiteach na hÉireann (DRI) comhpháirteach i ról comhairleach maidir le caighdeáin agus idir-inoibritheacht sa chartlannaíocht dhigiteach.

2017-2018

Seoladh suíomh athdheartha agus leagan digitithe de Bhailiúchán Grianghraf Chnuasach Bhéaloideas Éireann. Bhuaigh suíomh nua dúchas.ie an gradam don Suíomh Gaeilge is Fearr ag na +eir Spiders+.

Seoladh baisc shamplach imleabhar ón bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní ag Oireachtas na Samhna 2018.

2019-2021

Rinneadh sciar substaintiúil den Phríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní a dhigitiú agus a fhoilsiú ar líne le linn na céime seo.

Céim reatha: 2022-2024

Le linn na céime seo déanfar tuilleadh ábhar ón bPríomhbhailiúchán, chomh maith le hábhar ón gCartlann Fuaime, a dhigitiú agus a fhoilsiú.

Digitiú

Roghnaítear conraitheoirí speisialaithe leis an ábhar a dhigitiú de réir an dea-chleachtais idirnáisiúnta.

Óstáil

Déanann Cnuasach Bhéaloideas Éireann óstáil ar an gcóip chartlannaithe den chnuasach digitithe, i gcomhar le Leabharlann Dhigiteach UCD. Déanann Gaois óstáil ar an gcóip chraobhscaoilte den chnuasach digitithe.

Innéacsú an ábhair dhigitithe

Tá innéacsú an ábhair béaloidis sa chartlann dhigiteach á dhéanamh ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann agus Gaois. Tá seiceáil ar siúl ar an obair seo ar bhonn leanúnach (agus is féidir earráidí a chur ar ár súile dúinn: eolas@duchas.ie).

Ócáidí

Sheol Donnchadh Mac Fhionnlaoich, an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, an tionscadal ar an 17 Nollaig 2013.

Ó chlé: an tOllamh Peter Clinch (UCD), an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., an tOllamh Ríonach uí Ógáin (CBÉ), an tOllamh Ciarán Mac Murchaidh (FSG)

Sheol Seán Kyne, an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, imleabhair uile Bhailiúchán na Scol ar an 21 Meán Fómhair 2016.

Ó chlé: an Dr Brian Ó Raghallaigh (FSG), an Dr Gearóid Ó Cleircín (FSG), an tAire Stáit Seán Kyne T.D., an Dr Críostóir Mac Cárthaigh (CBÉ)

Sheol Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D., suíomh athdheartha dúchas.ie agus leagan digitithe de Bhailiúchán Grianghraf Chnuasach Bhéaloideas Éireann ag ócáid i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar an 26 Meán Fómhair 2017. Léigh an bhlagmhír anseo.

Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D.