Innéacs Sloinnte Éireannacha

Cnuasach sloinnte é seo a d’eascair as obair Choimisiún Béaloideasa Éireann ó tosaíodh ar ábhar béaloidis a bhailiú ar fud na tíre ar bhonn oifigiúil in 1935. De réir mar a bhí an t-ábhar ag teacht isteach, chruthaigh an Cláraitheoir, Seán Ó Súilleabháin, agus foireann an Choimisiúin, cártaí innéacs don ábhar agus do na faisnéiseoirí.

Cláraíodh na sloinnte de réir mar a tugadh do na bailitheoirí iad – leaganacha áitiúla, neamhchaighdeánaithe den chuid is mó. Tá an claochlú a thagann ar shloinnte ó cheantar go ceantar, nó ó theaghlach go teaghlach fiú, suntasach. Ní haon eisceacht, mar shampla, an sloinne Cafferky – agus na leaganacha malartacha O'Cafferky, McCafferky, McCafferty, Mac Eachmharcaigh, Ceafarcaigh, Ó Ceamharcaigh, Ó Ceafarcaigh, Cafferkey, Mac Ceamharcaigh luaite leis.

Thar na blianta d’fhás an bailiúchán sloinnte go suntasach agus b’éigean struchtúr a chruthú do na leaganacha malartacha ar fad. Cruthaíodh ‘ceannchárta’ do na sloinnte a raibh leaganacha iomadúla ann dóibh, is é sin rinneadh ceann amháin díobh a shainiú mar leagan molta chun an clárú a éascú. Thairis sin, ní dhearnadh aon athrú ar an litriú nó ar an leagan a tháinig ó bhéal na ndaoine. Baineadh leas as na ceannchártaí mar áis chrostagartha agus le leaganacha gaolmhara a thabhairt isteach faoi shloinne amháin.

Níl aon chuntas againn ar na critéir a leanadh chun sloinne a roghnú mar leagan molta ar cheannchárta nó chun leaganacha gaolmhara den sloinne sin a aithint. An méid sin ráite, tá cáil ar Shéan Ó Súilleabháin mar scoláire Gaeilge agus béaloidis agus is féidir glacadh leis go raibh na roghanna a rinne sé féin agus foireann an Choimisiúin i leith na sloinnte bunaithe ar thaighde cuimsitheach.

Faoi thionscadal Dúchas, rinneadh na ceannchártaí a thras-scríobh agus a ionchur i mbunachar a d’fhorbair Gaois, DCU. Tá an bunachar inchuardaithe anseo agus ar fáil le híoslódáil i bhformáid XML. Cuirfear leis an liosta seo de 2,810 sloinne Éireannach – idir Bhéarla agus Ghaeilge – agus táthar ag súil go mbeidh sé ina uirlis úsáideach taighde agus riaracháin amach anseo.

Nóta: Ní liosta cuimsitheach de shloinnte na hÉireann é an t-innéacs seo, agus níl sé údarásach ó thaobh litrithe de. Anuas air sin, níl aon chaighdeánú déanta ar na sloinnte ná ar na grúpaí sloinnte.

Samplaí de cheannchártaí:

Samplaí as Clár na bhFaisnéiseoirí: