Scoil: An Chros (B), Cill Chaoi

Suíomh:
An Chrois, Co. an Chláir
Múinteoir:
Seán Ó Héadtromóin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 359

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 359

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Chros (B), Cill Chaoi
  2. XML Leathanach 359
  3. XML “Inis Cathaigh agus Naomh Seanáin”
  4. XML “Scéal Eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sé an brigh atá le h-Inis Cathaigh na Oileán Cathach. B'é Cathach an ainm a bhí ar an oll-phiast a bhí in Inis Cathaig sul ar chuaidh Naomh Seanáin ann. Do thagadh an t-oll-phiast i dtir gach seachtmhadh mblian agus d'iosadh sé gach duine gach duine go bhfeadfadh sé greim fhaghail air. Nuair a tháinig Naomh Seanán go h-Inis Cathaigh dhibir sé an t-oll phiast go Dubh Loch trí míle o Slaibh Calláin. Deirtear go mbíonn tonntacha ar an loch san gach lá cé go mbíonn an lá ana-chiúin fe mar a bheadh piast mor fe'n uisce.
    Deirtear leis nuair a dhibir Naomh Seanán an t-oll-phiast gur chuir sé de gheasaibh air gan acht iasc go leith d'ithe gach lá agus is féidir leath-iasc dfághail ar tráigh an locha san go minic dá dheascaidh sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí beirt fhear óg ag foghluim le bheith 'na sagairt ag mainistir Naomh Sheanáin in Inis Cathaigh. Tá Carraig mhor idir Oileán hóg agus Inis Cathaigh agus lá amhain nuair a bhí an taoide tráighte chuadar amach is do shuidheadar air. Tháinig an taoide isteach in gan fhios dóibh agus do bádhadh iad.
    Do chaith an taoide ar an dtraigh iad go bhfuair muinntir na mainistreach iad. Nuair a chonnaic Naomh Seanán comh brónach is a bhí a dtuismigtheoírí ina ndiaidh do thóg sé ón mbás iad. Acht dubhairt an bheirt leis go rabhadar tar éis aoibhneas na bhflathas d'fheiscint agus go mbhfearr leo bás fhagail arís. Do gheill Naomh Seanáin doibh agus do fuaradar bás láithreach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge