Scoil: An Chros (B), Cill Chaoi

Suíomh:
An Chrois, Co. an Chláir
Múinteoir:
Seán Ó Héadtromóin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 357

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 357

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Chros (B), Cill Chaoi
  2. XML Leathanach 357
  3. XML “Diarmuid Ua Duibhne agus Ceann Léime”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (An Múinteor do bhaluigh ona athair - Seán Ó'h-Eadtromóin)

    Diarmuid Ua Duibhne agus
    Ceann Leime

    Ar an dtaibh thuaidh den teach-soluis i gCill Bheatha tá oilean suas le cead slat amach sa bhfairrge. Tá an t-oileán san timceall dhá chead slat ar fhaid agus suas le deich slat ar leithead. Deirtear gur léím Diarmuid O'Duibhne amach ar an charraig san uair amháin agus gurb as san an ainm Ceann Léime agus seo mar leanas an sgeal a ghabhann leis:-

    Fear breagh dathuil ab'eadh Diarmuid Ua Duibhne go mbíodh na mná go léir ag tuitim ingrádh leis. Deirtear go raibh ball-seirce aige agus gurb sin an fáth go dtuitidís ingrádh leis.
    Thárla uair amháin go dtáinig seana-bhean ón Gréig go h-Éirinn. Thuit sí ingradh le Diarmuid. Theich Diarmuid uaithi agus rith sé treasna na h-Éireann go dtáinig sé go bruach na Fairrge Móire in Iarthar Clair. Nuair a d'feach sé timcheall air connaic sé chuige an cailleach. Do léim Diarmuid ar charraig abhí tamaill maith amach sa bhfairrge. Leim an tseana-bhean 'na dhiaidh. Chas Diarmuid agus do léim sé thar n-ais. Nuair a dhein an cailleach iarracht leimt thar n-ais bhuail sí a ceann igcoinne na faille agus thuit sí isteach sa bhfairrge.
    Tugtar Ceann Léime ar an áit sin riamh o shoin.
    Nuair a thuit an tseana-bhean isteach sa bhfairrge baineadh an ceann di. Seoladh an ceann ar dromchla na fairrge to dtáinig sé idtir inaice le h-Inis Diomáin. Tugtar Ceann Caillighe ar an áit sin riamh oshoin.

    N.B. Inaice le Ceann Leime ea' lag sa talamh ar a tugtar Leaba Diarmuide
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Teanga
    Gaeilge