Scoil: Glenanore

Suíomh:
Gleann Fhionnúir, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Séamus Ó Maoldhomhnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0656, Leathanach 012

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0656, Leathanach 012

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Glenanore
  2. XML Leathanach 012
  3. XML “Ainmneacha Áite”
  4. XML “Ainmneacha Áite”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Páirc na Cille
    Páirc í seo atá i seilbh Bean Ui Ghadhra i gCnoc an Aifrinn. De réir na sean daoine bhí cill nó eaglais anseo timpeall sé chéad bliain ó shoin. De réir gach cúntas do tógadh an chéad eaglais sa paróiste seo i lár an oirthear, áit an-iargcúlda. Ansin do tógadh ceann eile i gCnoc an Aifrinn. Le h-imeacht aimsire do thit an seipéal agus do deineadh an t-Aifrinn a léigheamh sa pháirc. Tugtar Páirc na Cille air ó shoin agus "Cloch an Altóra" ar an gcloic a bhíodh mar altóir ann.
    Currach na mBráithre:
    Ar thaobh an bhóthair as so go Baile Mhic Chairbre mar a ghabhann an t-aith-ghiorra ó Droichead Cnoc an Lisín go Gráig na nGabhar tá currach atá beagnach tirm anois ach dréir na sean daoine bhí paiste tirm is lár istig mar a bhí clúdach maith de sgeachaibh agus ón dtaobh amuich bhí casán beag ag dul isteach tríd an bportach. Le linn na dlighthe peannadach bhíodh na sagairt istig na lár ar a dteitheadh. Ar deire thiar thall sgéitheadh duine éigin ortha agus tháinig na saighdiúirí ar a dtóir.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cnoc an Lisín, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Riaín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    78
    Seoladh
    Cnoc an Lisín, Co. Phort Láirge