Scoil: Scattery Island
- Suíomh:
- Inis Cathaigh, Co. an Chláir
- Múinteoir: Nóra Ní Cholgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scattery Island
- XML Leathanach 166
- XML “Scadáin d'Ullmhú”
- XML “Tae”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(focal atá fós in úsáid annso) fe'n gclú agus annsan chuiridís trí nó cheithre cinn de sgadánaibh síos ar an gclú sin. Nuair bhiodh siad róstuighthe go maith 'sa tslighe sin d'ithidís iad le prataí agus bainne géar. D'ithidis a lán pratai le sgadánaibh agus sin é an fáth go deurtar "Pratey Robbers" ortha fós go dtí an lá atá indui ann.
- Tae:-Thosnuigheadar ag ól tae do'n gcéád uair annso tímcheall seasga bliadhain ó shoin. As piginí a d'ólaidís é i dtosach. Ní bhíodh aon bhraon de le fagháil ag na daoine óga idtosach ach amháin le linn na Nodlag, um Cháisc agus Lá Féile Mhichil. Tar éis tamaill tugtaí uair amháin fá ló dóibh e, agus annois bíonn sé ag ól ag óg agus aosta cúig nó sé h-uaire gach lá. Is fuath le furmhór na n-oileánach prátaí.