Scoil: Scattery Island

Suíomh:
Inis Cathaigh, Co. an Chláir
Múinteoir:
Nóra Ní Cholgáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0630, Leathanach 165

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0630, Leathanach 165

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scattery Island
  2. XML Leathanach 165
  3. XML “Iasc”
  4. XML “Scadáin”
  5. XML “Scadáin d'Ullmhú”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    leo san mar bhí éisc de gach saghas le fagháil go flúirseach 'sa tSionainn. Seo iad na h-éisc is mó a bhíodh aca:-
    bradáin, sgadáin, ballaigh agus deargáin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhiodh na h-éisc seo ana fhluirseach aca fadó. Uair amháin fuair fear darb ainm Micheál Ó Maolacháin cheithre mhíle de sgadánaibh in aon oidhche amháin. Dhíolaidís cuid aca acht do choimeádaidís an chuid is mó díobh ar salann no dtighthib féin mar lón bídh. Bhíodh siad istigh i mbarrille aca ach roimh dul a codladh díobh gach oidhche thógaidís amach an méad díobh a bheadh ag taisteál uatha an lá ina dhiaidh, chrocaidís ós cionn na teineadh iad chun iad do thiormú.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.