Scoil: Baldwinstown
- Suíomh:
- Baile Bhaldain, Co. Loch Garman
- Múinteoir: Ristéard Mac Plib
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baldwinstown
- XML Leathanach 392
- XML “An Taibhse Mallaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bheirt ba dheise dhá bfhaca riamh, Nóra agus Paidín. Ac mo lean! ba ghearr gur tháinigh an galar malluigthe san an [?] fliú ar an athair bhoct agus igcionn seachtmaine bhí sé ar shlíghe na firinnne. Ní túisge a chailleadh an fear bocht nó gur fuair an bhean an galar céadna agus igcíonn coigcise, bhí an bheirt aca ag tabhairt an fhéir - ar Dheis Dé go raibh a n-anamnaca!
Fágad Nóra agus Páidín - na creatúirí bochta neamh-urchóideacha fé chúramh mo Shean-Duine, Peadar Ó Seagda, de réir uct a n-athar, Bhéadh feirm a n-atar aca nuair a bheidís fásta suas. Ba thruaigmhéileach a gcás - na créatúirí bochta. Ní túisge a bhí a dtuisgmuigtóirí fé'n bhfód ná gur thóg mo dhuine - Peadar na páistí go Cobh, chuireadh ar bhord luing a bhí ag dul go 'Meircea iad agus a dtáisg ná a dtuairisg, níor chualadh ó shoin. D'fhill an sean-diabhal sin, choimeád sé feirm na bpáisdí dó féin agus bí sé ina shuide go te go dthí deire a shaogail.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Furlang
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nioclás Breathnach
- Inscne
- Fireann