Scoil: Horeswood
- Suíomh:
- Coill an Hóraigh, Co. Loch Garman
- Múinteoir: Eibhlís, Bean Uí Mhuirighthe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Horeswood
- XML Leathanach 009
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí coimisinéirí curtha amach an t-am...”
Bhí cuimisineírí curtha amach an t-am so ag an ridire chun an tailimh a mheas i dtreá is go bhféadfaidís cíos a leagadh air d'réir méid agus tortamhlachta an feirme. Thagaidís go dtí an tig cómhnuighthe ar dtuís agus ní h-aon slacht mór a cuirtí ar an áit rómpa nídh nach iongnadh. D'feucaidís ar na tighthe agus ar an gclós agus mar sin de agus amach leo annsan mór-thimcheall na feirme. Lá áirighthe thánadar cun na Rátha agus buaileadar suas fé dhein na dtighthe atá thuas ar barra na stuaice, 'gus is dóca gus tháinig sgárd na gcroidhche nuair a chonaiceadar an cruth abhí ar an áit.
Bhí áirighthe na chomhnuidhe ann an uair úd agus nuair a conaich sé iad do rith smaoineamh áirighthe isteach na cheann. D'aithin sé go maith go rabhadar ag déanamh ar chomhgarr áirighthe is siúd leis in anaithe an t-saothar rómpa. Bhuail duine des na cómarsain uime is d'innis sé dho go raibh na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Muirighthe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman