Scoil: Eidhneadh, Inis (uimhir rolla 14622)
- Suíomh:
- Eidhneach, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ss. Mac Gearachaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eidhneadh, Inis
- XML Leathanach 204
- XML “Cistí Óir i mBóta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 204
"Cistí Óir i bhFolach" Tá páirc i bparóiste Dísart i dtalamh Stiopáin Ó Nualláin agus deirteargo bhfuil ciste óir i bhfolach ann.Timcheall ochtódh bliadhan ó shoin bhí taibhreamh ag fear in aice na Gaillimhe agus b'é an taibhreamh a bhí aige na go raibh ciste óir i bhfolach sa pháircsin.
Tamall beag in a dhiaidh sin tháinigh sé féin, agus triúr dó ceathrar fear in aonfheacht leis ar uair an meadhan oidhche ar intinn an t-ór a fhágháil.Thógadar ráin agus sluasaid leó agus thosnuigheadar ag polladh 'san áit 'nar cheapadar go raibh an t-ór.Do leanadar chómh fada le lic-mhór.
Díreach nuair a bhíodar réidh chun na lice d'ardughadh chualadar torthan mór ag teacht ó aill atá ar an dtaobh theas de'n pháirc,agus nuair a d;fhéachadarachonniaceadar fear agus é ar mhuin capaillagus claidheamh nochtighthe 'na láimh aige agus é dha chasadh os a gcionn.Do ritheadar le'na n-anam agus níor thugadar aon(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Éigeartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Machaire, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Dubhgháine
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill na Móna, Co. an Chláir