Scoil: Cluain na gCorp (Cloneyharp) (uimhir rolla 1706)
- Suíomh:
- Cluain Uí Thorpa, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Máire Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain na gCorp (Cloneyharp)
- XML Leathanach 036
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá a ainm tugtha do Cloch an Óir (Clogher) i ngar do'n áit seo ( Cluain na gCorp) b[?] áit ar an ainm gcéadna i dTír Eoghain.
Deirtear go dtáinig ó Chloch an Óir i dTír Eoghain sluagh de mhuinntir Uí Choighlogh, Uí Cháirr (Careys) agus Uí Chearr (Carr) comh fada le Dún Droma sa chondae seo ach gur cuireadh an teicheadh ortha san do[?] sin, annsan gur eirigh leo teacht go dtí Cloch an Óir in ar chuireadar fútha. Do tughadh mar leas-ainm ortha "Dhe Oulties"(?) ag muinntear na h-áite, agus tá an t-ainm sin fós ar a síolraigh sa comhursanacht.Tá Cluain an Ultaigh i mbarúntacht Cille na Manach. I bpáipéar a cuireadh i gcló i 1907, cuirtear síos ar na tigthe breaghtha abhí agsna "Templars" i g "Clonaul" (Cluain an Ultaigh). Tógadh liosta des na h-earraí, na fuirinn, agus na h-laglaisi(?) go léir gur leis gach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Aindrias Ó Finn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dumha Aille, Co. Thiobraid Árann