Scoil: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag

Suíomh:
An Sciobairín, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Cuileannáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 266

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 266

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
  2. XML Leathanach 266
  3. XML “Sliabh na mBan”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    n-Aontuithe 1/7/59. Bhí General Dubhglais gobhernóir British Columbia a d'iarraidh é chosc ach theip air. Is ait liom más don ní sin an tagairt ámhthaig.
    5) go feartan fólacht S Ó'D
    6) Fóise nú fóís = saoghal breagh bog
    7) "Má thighean an ghasra fé bhláth go hÉirinn " S Ó'D
    Mé féin athruig é. Dheineas dearmhad. "Bláth na hEornan" atá ag Seán. Bfhéidir gur ball éígin cois faraige "bláth na hEornan" (Bágh na hEárnan)
    (Fuair Seán O Cróinín. (?) an dá líne seo ó Sheán Ó hAodha ar an gCreig "Bágh na hEornan" bhí aige = Barley Cove shiar in aice le Carn Uí hÉid (?) )

    (VIII)
    3 Claoidheachta = claoidhte
    8 Nílim ró chruinn ar a bhrighe seo. Bhíodh séala ar gach léás agus gach cáipéis dá shórd, agus suim airgid le díol as.
    Nó bfhéidir gur "crích ar shaoghalthaibh" é. Crích éígin orainn nuair ná béadh daor chíos agus árd cháin le díól.
    Is baoglach gur fhágas fadhb nú dhó gan réíteach
    Níor fíoradh aon taraingreacht do dhein an file tréis an tsaoghail.

    * * * * *

    Is beag amhrán sa Ghaoluinn is fearr ná "Sliabh na mBan."
    "Is oth liom féinig bualadh an lae úd
    Do dhul. ar Ghaolaibh agus céadta á slad."
    Bhí árd-mheas ar an bhfonn agus ceapadh suimh mhaith amhrán chun gabháíl leis.
    Bhí ceann agum sheana mháthair féin. Amhrán ag moladh Dhomhnail Uí Chonail dob eadh é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Donobháin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile an Chaisleáin, Co. Chorcaí