Scoil: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- Suíomh:
- An Sciobairín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Cuileannáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- XML Leathanach 237
- XML “Cormac Phártholáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhí séípéal nó (=nuadh) Phróíste Catharach á thógáilt tímpal céad bliain ó choin ba mhaith le muintir iarthar na proíste é bheith ar an gCillín Léith, ach ba mhaith le muintir oirthir na próíste é bheith ag an roilig, mar a mbíodh an séípéal san tsean-aimsir.Ar an gCillín Léíth iseadh tógadh é sa deire: ach do thagadh muintir na taoibhe thoir chun na roilige gach aon Domhnach ar linn an Aifrinn - agus seana-Chormac Phárthaláin na Samhna mar cheann ortha.Le linn an Aifrinn do bheith ar siubhal ag an séípéal do bhídís ag pdróireacht ins an tseana-chabhlaig.Do fuair an sagart próíste fios ar an scéal, agus chuaidh sé fé dhéin na cabhlaighe, Domhnach, agus an tAifreann ar siubhal ag an gCillín Léith. Is amhlaig a fuair sé an seanduine ara leath ghlúin, a haa ar a bhaa agus uileann leis anuas air. Bhí a clann agus cuid de chlainn a chloinne len' ais agus iad go léir ar a nglúnaibh agus a gcuid úrnaithe dá rádh acu.Dubhairt an sagart gur mhór an náire(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Súsán Ní Chárthaigh
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Mac Cártha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Bhearna, Co. Chorcaí