Scoil: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- Suíomh:
- An Sciobairín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Cuileannáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- XML Leathanach 218
- XML “Máistir Hutchinson agus Tomás Boyer”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do sháidhig sé Tomás bocht isteach san tsimné agus an bórd dubh 'de 'muigh dhe,a gus buachaill eile agus a thón leis an mbórd feadh leath-uaire. Do leig sé amach ansan é.
"Anois, cá bhfuil mo leabhar a mhicó. Mara bhfaghad é gheobhair an maide."
"Ó," arsa Tomás. "Dubhairt Tadhg Saor liom é a bheiriú chun é d'fhoghluim."Do léim an Sasanach agus rug sé air. Do chuir sé ar muin an bhuachalla ba threise sa scoil é: agus do dhírig sé ar bheith á leidhba (?) treasna na tóna, go raibh sé tuirseach. Sháidhig sé isteach insan tsimné airís é go h-am dul dul abhaile. Ansan chroch se an cloigean capaill timpall a mhuiníl agus thug leadhb eile dho i gcóír (?) an bhóthair.(Bean Uí Chonaill O.S. Rinn Garóíge fuair é seo ó Dhomhnall Ó Ríógáin)
(1) Tráig an Teampaill. An chuid is sia isteach de Chuan Dún na Séad. Idir Rinn Garóíge agus an mín tír a tá an góílín. Ó Theampal na Tullaighe do h-ainmnigheadh é. Tá roilig agus cabhlach teampail ar an dTulaig.M Ó'C- Bailitheoir
- Bean Uí Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Ríogáin
- Inscne
- Fireann