Scoil: Ballintotas (uimhir rolla 15165)
- Suíomh:
- Baile an tSóitéasaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Tadhg Ó Coileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Sa cheanntar so tá bailte fearaun mar Meelshane, (Maol Sidheán), Carrigshane ( Carraig Sidheán). Baneshane (Bán Sidheán) agus Ballyshane (Baile Sidheán) agus do réir siúd, ní foláir nó go raibh na sidheóga fé réim i n-Uí Mac Coille uair.Sa mbliain 1898 a tógadh an scoil seo. Do bhíodh seana scoil cinn tuighe in aice an tsean-chaisleáin, ach ní'l a Rian le feiscint anois, cé go bhfuil cunntas le fághail uirthi ó's na sean-scoláirí a bhíodh ag freastal ar an dá cheann.O'n tsloinne Totas, a shiólruigheann ainm na scoile agus ainm na h-áite seo (Ballintotas). B'é sa Tighearna Totas an duine is deireannaighe go raibh cómhnuidhe air sa chaisleán. Na Gearlataigh a chuir an caisleán ar bun, ach in deire na séamhadh aoise déag, cuireadh deire le réim na nGearaltach i gCúíge Mumhan, agus fágadh an caisleán ina fhothrach. Ní'l aon chunntas cruinn le fághail idtaobh an duine seo, Totas, ach 'sé is deallrathaighe ná gur duine eile mar Raleigh é, a thóg seilbh an chaisleáin agus an gabháltais a bhí ag dul leis, nuair bhí Gearaltaigh na Mumhan fé chois i gceart.