Scoil: Árd na Giuíse (Firmount), Donaghmore (uimhir rolla 1692)
- Suíomh:
- Ard na Giúise, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Heádhra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)seilbh air tuairim na bliadhna 1700
agus cuireadh mórán protastúnach san
roilig agus ins an séípéal as san amach.
Ar an dtaoib eile den bhóthar annon
ó gheata na roilige bhíodh tigh de shaghas
éigan (?) eile agus pluais fén mbóthar ag dul ón
seípéal chuige seo. Tráth éigin gur thuit an bóthar
isteach a nochtadh an uaimh seo.Tá trí no ceithre tigh-the san bparoíste comh-aois don athrughadh seilbhe seo an
t-seipéil. Ortha san atá roinnt de
thigh an t-sagairt paróíste agus Tigh Cnocáin.
Tógadh iad seo tuairim na bliadhna 1700
agus taobh amuigh de Thigh Cnocáin
atá geata mór mainsitr Cill-Cré.
Ba le muinntear Lúbaigh an tigh seo.
Tráth is ' go raibh talamh maith ar
an dtaobh seo den pharóiste, an leath
thoir, do ghlac na protastúnaigh seilbh ar
an dtalamh go léir agus tá a dtighthe
n'a seasamh fós agus roinnt des
na fallaí láidre thógadarD'fág san an ceanntair seo ar
bheagán gaedheal, gaedhluinne agus
d'éirigh an áit ina ghallda.Is beag focal gaedhlainne d'airigheas
riamh ó aoinne san leith seo den
pharóíste agus aon ghaedhilgeóír bhí riamh
ann tháinig sé o Bhaile Bhúirne nó(leanann ar an chéad leathanach eile)