Scoil: Goggin's Hill, Béal Átha an Easaigh (uimhir rolla 12263)
- Suíomh:
- Cnoc an Ghogánaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Domhnall Ó Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Goggin's Hill, Béal Átha an Easaigh
- XML Leathanach 313
- XML “An Rí agus Páiste an Gheatóra”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí rí ann fadó, is minic abhí agus beidh airís leis. Acht an rí áirighthe seo bhí se 'na chóninuidhe sa taobh thuaidh d'Éirinn agus bhí a threabhchas 'na cgóninuidhe san áit sin leis na cianta roimmis sin. Acht do ráinig ná raibh do chlainn ag an rígh seo acht aon inghean amháin Agus dá réir sin do chaithfheadh sé cliamhain isteach d'fagháil agus bheadh an rioghacht caillte ag an dtreibh.
Do bhí san ag déanamh buartha dhó agus do cheap sé in-a aigne duine uasal mór d'fagháil di i dtreó ná luidheochadh an t-athrú uaisleacht an treabhchais.
Sin í an seift abhí ceapuighthe aige n-a aigne, nuair a thiocfadh an t-am agus bheadh an inghean i n-aois a pósta. Acth ní raibh sí acht 'n-a páiste nuair abhí an socrú deanta 'na aigne aige. Bhí ancuir nár thuig sé le teacht sa t-soaghal 'na dhiaidh sin.
Deireann an seanfhocal "Taréis a tuigtear gac beart" agus b'sin é a [?] so. Bí fear geata aige agus bhíodh a paistí sin timcheall an geata nuair abhíodh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síle Ní Riadhghain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Tulaigh Mhór, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Cheilleachair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí