Scoil: Goggin's Hill, Béal Átha an Easaigh (uimhir rolla 12263)
- Suíomh:
- Cnoc an Ghogánaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Domhnall Ó Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí rígh annso fadó go d-tuigaidís Rí Gréagach air. Do cailleadh a bhean. Ní raibh aige ach aon mhac amháin, agus do phós sé arís, agus do bhí a leas mháthair agus an mac i gcoinnibh a chéile. Bhi sí ad' iarraidh é chur chun bháis. Bhuell, d-fhiafruigh sí de'n leas mhac an imreócadh sé breith. "Imreócadh agus failte" adubhairt sé, agus do buaidh an bhreith air. "Cuirim mar geasaibh ort anois" ar sise leis, "gan aon dá bhéile bhídh ithte ar aon bórd, ná aon dá óidhche chodladh ar aon leabaidh, un go d-tugaidh tú leat banbh na cránach braduighe atá san domhan t-soir"
Chuir sé dhe annsan dul fé dhéin na cránach agus bhí sé ag cur de riabh as coidhche gur tháinig conntrúth na h-oidhche air agus chonnaic sé uaidh an solus agus do dhein sé fe na dhéin, agus do h-oscaladh an dorus do. Cuaidh sé isteach annsan, bhí bean annsan roimis, agus cíor óir aice, agus í ag cíoradh féin ar bháisín airgid.
D-fhailtig sí roimh Mac an Ríog, agus d'innis sé sgeul di. "B'fhéidi go n-déanfainn tairbhe dhuit" ar sise.
Tharraig sí amach slaitín draoidheachta as a cluais agus dubairt sí. "Tá píosa adhmaid annsan.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síle Ní Riadhghain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Tulaigh Mhór, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Ceilleachair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí