Scoil: Baile Uí Bhuaig (B.) (uimhir rolla 14816)

Suíomh:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Martias Ó Luasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 165

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 165

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (B.)
  2. XML Leathanach 165
  3. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1
    An té ná bíonn láidir ní foláir do bheith glic.
    2
    A scéal féin scéal gach aoinne.
    3
    An rud ná baineann leat ná bain leis.
    4.
    Ar scáth a chéile mairid na daoine.
    5
    An rud is anamh is ionghantach.
    6
    Ar mhaithe leis féin a dheineann an chat crónán.
    7
    An rud a gheibhtear go holc imthigheann sé go holc.
    8
    As a ceann iseadh crúdhtar an bhó.
    9
    An rud ná bíonn leigeas air foidhne is fearr air.
    10
    A bhuachaill beir búdhartha go bpósair agus an uair sin ní suaimhneas go deó dhuit.
    11
    An té is donaighe ar domhan an donán aosta.
    12
    An té ná ólann ach uisce ní bhíonn sé ar meisce.
    13
    An té ná múineann Dia ní múineann daoine é.
    14
    An té beirtear cun a báidhte ní baoghal do crochadh
    15
    An té is mo codhlann is é is mó dúil ann.
    16
    Ar gabháil na neach tagann atrú ar an sceal.
    17
    An rud a scriobhann an púca léigheann sé féin é.
    18
    An capall is aoirde a cathann a thón an capall is mó marc.
    19
    An té ná bíonn cion aige ar an airgead ní bhíonn cion ag an airgead air.
    20
    An rud ná cloiseann an cluas ní cuireann sé buairt ar an croidhe
    21
    An rud nách fiú é lorg ní fiú é fhághail
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Diarmuid Ó Céilleachair