Scoil: Baile Uí Bhuaig (B.) (uimhir rolla 14816)

Suíomh:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Martias Ó Luasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 221

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 221

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (B.)
  2. XML Leathanach 221
  3. XML “Stair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ba le muinntir Fhloinn, Túath na Dromann fadó. Síad a dhein Caisleán Dún dá Radharch. Bain Eilís díóbh an áit agus tug sí do's n Cártaig é. Slíóct Túath na Dromann a tugtí ar na Cártaig gur leó an Paróíste. Tá tuairisg ar na Baldwins sa lócrann Baile Mhúirne:-
    Ba le muinntir Iarfhlaithe, Baile Mhúirne leis na ceantaibh. Deir síad féin go rabadar ann ó aimsir Náomh Gobnait. Bhí alán Sagart agus filí ionnta. Bhí an t-Athair is an mac na shagartaibh. Duine aca gur cailleadh a bhean do cúaid sé go dtí an róimh (nú áit éígin) agus deinead sagart de. Thánaig sé abhaile agus bhíodh an bheirt mhac ag freagairt an Aifrinn. Do dhein sé sagart de ceann aca. Do phós an duine eile. An duine a phós dhein sé Sagart de mac leis. B'in é an tAthair Líam an sagart deirinneach díobh a bhí ann. Cailleadh é tímcheall 1795. Is dócha gurbh íád a cnámha ata sa idtúama i reilg Bhaile Mhúirne. Tá sé ráidhte go bhfuil 17 Sagairt de muinntir Iarlhlaithe curtha
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Liam Ó Duinneacha
    Inscne
    Fireann