Scoil: Baile Uí Bhuaig (B.) (uimhir rolla 14816)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Martias Ó Luasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear oibre ag duine mór agus do bhíodh sé ag aóidhreacht ba agus caoíre do i seana pháirceanna i gcnoc agus do bhí gallánín i gceann des na páirceanna.
Do bhí comgar ag daoine tríd na páirceanna san cun an Aifrinn. Do ghabhaidís chuige gach Domhnach agus núair a bhídís imthighthe uaidh do théigheadh sé chun an galláinín agus deireadh sé a phaidreacha. Do ghabhadar chuige Domhnach eile agus dubharadar leis glúaiseacht chun an Aifrinn agus do ghlúais sé in-aonfheacht leo. Bheil do chúaidh sé isteach sa t-sheipéal ináonfeacht leo. Seadh an san tú. Do bhí gath gréine ag dul tríd an t-séipéal agus do chaith sé a chasóigín mór ináirde ar an ngath gréine agus do choinnibh sé do é agus annsan do bhí na daoine go léir ag féuchaint air agus do bhí an sagart ag féucaint air le h-ionghnadh. D'aithinigheadar go léir gur duine beannuighthe é. Núair a bhí an t-aifreann léighthe d'imthig sé in-aonfeacht leis na daoine go dtí a ghallainín agus go dtí a mba airís agus do ghabhadar chuige Dia Domhnaig a bhí chúghainn airís agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Diarmuid Ó Céilleachair
- Inscne
- Fireann