Scoil: Baile Uí Bhuaig (B.) (uimhir rolla 14816)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Martias Ó Luasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Líam Ó Duinneacha ó Achadh an Chunaigh, Cill na Martra(An t-eolas so faghta ar scoil)
Cíll-na-Martra an ainm atá ar an bpáróiste seo, acht tugann na sean-daoine Tuath-na-Droman uirthe fós. Tá ceithre cínn de bhailtí fearann inti go bhfuil an focal "Dróm" ionnta agus is dócha gurb é sin is bun leis an sean ainm.Tá sí í ngiorracht trí mhíle do Mhághchrómtha ar an dtaobh shoir agus síneann sí síar fan árdú tailimh go Béal-an-Ghleanna trí mhíle ó thúaidh de shráid Béal-Atha-an-Gáorthaidh. Ag Beal an Ghleanna tógann an Tónn fo-ábha na Laoi, a ceann. Glúaiseann an Tonn idir í agus Paróiste Uibh Láoghaire chómh fada soir le Droichead na Tuinne. Tagann Paróiste Cíll Michíl agus Paróiste Mhághcrómtha ar an dteórainn as san soir. Tá ábha an t-Suláin ar an dtaobh thúaidh dí, idir í agus Paróiste Bhaile Mhúirne agus Paróiste Clúain Droichead, acht tá pusca de'n Pharóiste ar an dtaobh thall den ábhainn ar a bhfuil scoil Cúil a Bhuacaigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Liam Ó Duinneacha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Áth an Chonnaidh, Co. Chorcaí