Scoil: Barrlinn

Suíomh:
Inse an Airchinn, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Máire Ní Chruadhlaoich
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 016

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 016

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Barrlinn
  2. XML Leathanach 016
  3. XML “Scéal mar gheall ar Conas a Fuair Fionn Mac Cumhaill a Ainm”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cumhal a b'aimn d'áthair Fhinn agus inghean rí a mháthair agus ní thabharfadh an rí a inghean do Cumhal in aon chor, mar ní raibh uaisleacht a dhóthain ag baint leis. Do pósadh an bheirt ós íseal i ngan fhios don rí Bhí mac acu. Do chómnuigheadh Cumhal le'n a mháthair i lár coille uaigneach. An t'am so bhí cú óg acu agus Bran an t'aimn a bhí ar an gcoin. Sar ar rugadh an mac bhí fhios ag Cumhal go gcaithfeadh sé féin glanadh amach as an tír sar a gcloisfeadh an rí an sgéal. D'inis sé gach rud dá mháthair agus an cúis go raibh sé ag imtheacht. Dubhairt sé léi bheith ag faire ar chumar áirighthe gach maidin ar fead seachtmaine, agus do dtiocfadh cailín agus boscaed aice, agus go gcaithfeadh sí a bheadh innti le faill an chumair. "Leanbh a bheidh ann" ar seisean "acht ní shroisfid sé an t-uisge in aon chor mar ceanglóchaidh an blanncaed sna sgeachaibh. Nuair a bheidh an cailín imthighthe tamall
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamas Mac Coitir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Beanntraí, Co. Chorcaí