School: Barrlinn

Location:
Inse an Airchinn, Co. Chorcaí
Teacher:
Máire Ní Chruadhlaoich
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 009

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 009

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Barrlinn
  2. XML Page 009
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Tá cnoc inaice le Béal-an-Dá-Cab i ndeisceart Corcaighe agus céad blian ó shoin nó mar sin, do chómhnuig fear bocht i mbotháinín inaice carraige ar thaobh an chnuic.

    Tá cnoc inaice le Béal-an-Dá-Cab i ndeisceart Corcaighe agus céad blian ó shoin nó mar sin, do chómhnuig fear bocht i mbotháinín inaice carraige ar thaobh an chnuic. Chuireadh sé paiste prátaí gach blian agus iad san agus bainne gabhar agus salann a bhíodh mar bhiadh aige. Bhí a lán gabhar aige ar an gcnoc agus sé an leas anim a bhí air sa cheanntar ná "Tighearna Mt. Kid." Bhí aon mac amháin aige agus tugtaí mar leas-ainm air sin "Mac an Tighearna" nó "An Tighearna Óg".
    Nuair a bhí an mac fásta suas chuaidh sé anonn go h-America, agus lean an leas-ainm air thall leis. Buachaill breagh, dathamhail ciallmhar a b'eadh é, agus i gcionn tamaill bhí sé ag eirighe saidhbhir. Thuit sé ingrádh le h-ingean duine uasail a bhí ana shaidhbhir ar fad Ba cuma leis an duine uasal cé leis go mbeadh a inghean pósta acht go mbeadh an cliamhan uasal agus ag baint le daoine móra.
    D'innis an cailín dá h-athair go raibh sí chun "Mac an Tigearna" do phósadh. Dubhairt an t-áthair, go gcaithfeadh an fear óg cruthughadh do thabhairt, go raibh sé ag innsint na firinne i dtaobh a athair do bheith 'na tíghearna thall in
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1455: The Hard‑hearted Fiancée
    Language
    Irish
    Informant
    Séamus Mac Coitir
    Gender
    Male
    Age
    80
    Occupation
    Saor cloiche
    Address
    Doire na Fuinseann, Co. Chorcaí