Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 0320
- XML “Donnchadh Caol”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhíodar san ag fás suas go breág agus fir breághtha ab'eadh íad go léir an beirt acu agus bhí an bheirt eile ag dul in aois gach lá.
Níor bhfada go raibh an beirt cómh aosta is gur deineadh cleamhnas do dhuine acu agus is le cailín ó Cluain Droicheadh a phós sé agus feirmeoír a b'eadh athair an chailín leis.
Nuair do pósadh íad bhí árd áthais ar an t-athair is ar na máthair leis.
Ní h-aon ionghnadh é go raibh áthas ortha mar bhí feirm mhaith thailimh acu ar thaobh an bhóthair agus as san amach do bhíodar séimh seasgach cómhpórdach- Bailitheoir
- Caitlín Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann