School: Caolchoill (roll number 16087)

Location:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Teacher:
Mícheál Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 156

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 156

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caolchoill
  2. XML Page 156
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí béas no nós ag na sean-daoine gan aon bhraon d'uisge salach d'fágaint istigh istoidhche...

    (continued from previous page)
    Ó Maghthúna dob ainm do. Peadar Mór do glaodtaí air. Bhí sé ag dul abhaile oidhche ó bheith ag scorruigheact agus chaith sé gabháil trí píosa sléíbhe. Ní raibh ach leath-slighe curtha dhe aige nuair casadh air bean ó'n saoghal eile. Bhí sí ag iompar leinbh agus an tam ann don leanbh teact ar an saoghal. D'iarr sí air congnamh do thabhairt di agus do thug mar fear eolgaiseach dob eadh é i neithibh de'n tsagas san. Nuair do saoghaluigheadh an leanbh do bhailig sí chúiche na baclainn é agus do ghaibh sí buidheachas leis, agus dubhairt sí go mebadh leigheas aige feasta ar an t-sagas galair ná breoidhteacta do thiocfhadh ar bheithidheach.
    Do bhí leis agus ní raibh bó go dtagadh bruinne-dearg nó mún fola nó builg uirri, nó bó ná feadfhadh gamhain do bhreith ná gurbh air do cuirtí iarraidh agus nár theip riamh air bó nó capall do leigheas. Bhí an leigheas ag á mhac na dhiaidh agus is dóigh liom go raibh sé ag á mhac san arís.
    Aon uair gur sciobadh leanbh as an gcliabhán is é rud do cuirtí na ionad ná béiceachan agus ní stadach sé sin de bheith ag béícig ó mhaidean go h-oidhche. Aon bhean tighe go raibh leanbh óg aice san tsean-aimsir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish