School: Caolchoill (roll number 16087)

Location:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Teacher:
Mícheál Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 092

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 092

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caolchoill
  2. XML Page 092
  3. XML “Cill Mac Comóg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ráth á leanamhaint ón lá san amach.
    Do thóg an fear so an triúr leanbh leis i mála chum na h-abhann cum iad do bhádhadh. Sar ar shrois sé an abha do bhuail sagart uime agus d'fhiafhruig sé dhe cad do bhí istig sa mhála aige. Dubhairt an fear go raibh trí cínn de choileanaibh aige agus go raibh sé chum iad do bhádhadh mar ná raibh aon gnó aige dhíobh. Dubhairt an sagart go dtócfhadh sé féín ceann acu.
    Rug sé ar an mala chum coileán do thógaint as ach go deimhin baineadh preab as nuair chonnaic sé gur triúr leanbh do bhí istig sa mhála. D'innis an fear do go raibh sé chum iad do bhádhadh mar ná feádfadh sé iad do bheathúghadh. Thóg an sagart na leanbhaí uaidh agus is é an chead rud do dhein sé ná iad do bhaisde. B'iad so na h-ainmneacha do thug sé orra. Liag, Fiachna agus Comóg. Nuair ná feádadh an fear boct iad do choúghadh deirtear gur thóg na chómharsain iad agus gur bheathuigheadar iad. Nuair d'fhásadar suas deineadh sagairt díobh agus chuireadar trí teampaill ar bun. Chuir Fiacna teampall ar bun tamall amach ó Neidín agus Teampaillín Fiacna a tugtar ar an áit anois.Chuir Comóg teampall ar bun san áit ar a dtugtar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Cill Mochomóg, Co. Chorcaí