Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)

Suíomh:
Trá Phraisce, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 342

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 342

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tráigh Phraisce (C.)
  2. XML Leathanach 342
  3. XML “Áitainmneacha”
  4. XML “Áitainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    núair a batadh í ac bí an fuirm saoraighthe. Do cúaidh an daoine go leir síos cuaca agus do tógadar an cotún agus do leatadar amach é i bpáirc an Cotún cun é do trimiú agus do roinnt idir na daoine. Se sin an fáth go dtughadh Páirc an Cotún ar an bpáirc sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Páirc na gCloc sé an fáth ar a dtugtar an ainm sin air ná mar tá alán cloca agus clocánaca ann. Páircín Máire Ní Shéaghdha, tugtar an ainm sin air mar ba le Máire Ni Shéaghdha é agus tá ríghin an tig in a raibh sí i gcúinne na páirce in a raibh sí fós. Páirc na Seanatig, sé an fáth ar a dtugtar an ainm sin air ná mar tá alán seana tig ann. Corcáin, sé an fáth ar a dtugtar an ainm sin air ná tá corcán mór air. Innse, sé an fáth ar a dtugtar an ainm sin air ná tá sruthán mór ag gabháil le na hais. Gurtín an tSagairt, sé an fáth ar a dtugtar sin air ná nuair a bhí na péin dlighthe ar bun in Éirinn bhí sagart ag gabháil tríd cun dul go áit éigin cun Aifreann do rádh bhí sé ag gabháil tríd an páirc sin agus do marbhúigheadh san páirc sin é. Maca, tugtar an ainm
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine T. Ní Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann