Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)
- Suíomh:
- Trá Phraisce, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tráigh Phraisce (C.)
- XML Leathanach 326
- XML “Seancheirdeanna”
- XML “Seancheirdeanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Núair a bíod se deanta tógaidís anuas é agus itidís é. Na coinneal a bíodh aca ná piosa sculabaí. Cuiridís na sculabaí i puill os cionn na teine.
- Fadó deinead muinntir an paróiste seo a gcuidh rudaí féin mar ciseáin coinnil agus alán rudaí eile. Ach se an rudh is táctaighe a deinead gach duine ná coinnil. Ar dtúis geibidís ból mór agus snáth olna, agus deinidís an snáth do dhúbailt cupla uaire agus annsan deinidís é do crimneál ar bár an bóla. Annsan do beirbhidís an méith agus do lionfaidís an méith iseach ins an ból. D'fágaidís mar sin é go dtí go mbíodh se cruaidh Annsan tóghaidís amach é agus do bíodh coinnil deanta aca.
Fadó deineadh na daoine a gcuidh ciseáin agus seo mar a deinidís íadh. Ar dtúis geibidís fód mór glas amuig ins an bpárich agus cuiridís ar an urláir é. Annsan geibidís cúpla slat agus denidís iad do greamú tímceall an fóid. Annsan geibidís cupla slat eile agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Concubhair
- Inscne
- Baineann