Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)
- Suíomh:
- Trá Phraisce, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 301](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0280%2FCBES_0280_301.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 301
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí lá saoire againn an seachtmhain seo cun go honoirfimís Naomh Mocuda. Rugadh é sa blíadhan cuig cead a caogadh idir Slíabh Mis agus an Máin agus fuair sé bás sa blíadhan sé cead triocadh seact. Caith an naomh sin saoghal breágh fada Criostamhail. Fear ó Ciarraaíghe do beadh é agus cuaidh sé go dtí Tullach Mór agus cuir sé mainistir ar bun ann. Cuaidh sé go dtí Beanncor agus thug sé tréimhshe ag cuir mainistir ar bun ann. Táinig sé ar ais go dtí Cíarraighe arís agus bhí sé ag cuir mainistreaca ar bun annso agus annsúd. Cuaidh sé go dtí Ua Failíghe agus cuir sé mainistir ar bun ann. Tháinig sé andheas go dtí Lios Mór agus cuir sé mainistir ar bun ann. D'fhan sé dachad blíadhan i gCondaé Uí Failíghe agus sgríobh sé leabhar. Tá sé mar bealoideas ag na daoine, nuair a a bhí sé ag dul síar tré an paróiste seo gur thóg sé soc ar bar an cnuic agus go raibh botháinín aige ann. Nuair d'fhág sé an áit thuit an bothán leac in dhíadh a céile isteac agus tá an tobair fé na leacaibh anois. Téigheann na daoíne ann ar an cuigmheadh lá ficid de mí na Bealtaine gac blíadhan. Má bhíonn aon galar cuirp ag na daoíne tá sé mar bhéas aca dul go dtí an tobair sin. Deireann síad paidreaca ann. Fágann síad bláthanna nó pinginí(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Treasa De Blach
- Inscne
- Baineann