Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)

Suíomh:
Trá Phraisce, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 286

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 286

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tráigh Phraisce (C.)
  2. XML Leathanach 286
  3. XML “Ráthanna agus Liosanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá mórán liosanna sa paróiste seo, agus is iongantach an rudh iad le feiscint. Tá cuma cruinn ar an tigh féin agus tá an t-úrlár ana íseal. Tá an falla cré atá tímceall ar, ana árd, agus tá cúpla crann ag fás ann. Tá an cuid is mó de na liosanna san déanta súas ar áit ana ard agus má seasuigeann tú ináirde ar ceann aca is mó ceann a d'fhéadfá d'feiscint. Deir daoine gurabh iadh na fir Bolg a dein iadh fadó núair a tángadar go h-Eirinn, agus deir daoine éile gurabh iadh na Tuatha De Danainn a dhein iadh cun a gcuid óir do cur i bhfolach ón dream eile a bhí sa tír agus núair a fúaireadar bás chómhnuigh na sídheoga ann agus thugadar aire do. Cítear solas ann úaireannta agus cloistear ceol agus deirtear gur pártaí a bhíonn ag na sídeóga dóibh féin. Tá lios i gCurrach agus tá poll fada caol dorca ag dul síos tríd an úrlár agus ní foláir duit coinneal a beith ar lasadh agat ag dul isteach ann mar tá an áit dorca istigh. Núair a ragfá isteach tríd an poill tá cúpla seómra istig agus ceapfá núair a fheicfá suas ós do cionn gur an sionáíl a bhí suas, ach má beadh tú súas arís cifeá gurabh é an talamh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. áiteanna osnádúrtha agus spioradálta (~158)
        1. ráthanna (~5,616)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Treasa De Blach
    Inscne
    Baineann