Scoil: Tráigh Phraisce (B.) (uimhir rolla 5565)
- Suíomh:
- Trá Phraisce, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tráigh Phraisce (B.)
- XML Leathanach 184
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Do theasbáineadh Samhail i féin do dhaoinib istoidhche...”
Do theasbáineadh Samhail i féin do dhaoinib istoidhche sa Dromhatighe Bhéara, agus i bfuirm Cráin muice a thagadh sí
Oidhche amháin do mhairbh sí fear. Tamhall na dhiaidh san bhí fear ag teacht an treo ceudhna. Níorbh ó'n áit é; ach ar uair mhairbh na h-oidhche do ionnsuigheadh é. Ní raibh fhios aige focal mar gheall ar an Samhail ach núair ionsuigheadh é thairg se Sgian Coise Duibhe a bhí na phóca aige agus chuir sé an sgian isteach innte agus do fhág innte í
Fuair sé lóistín cómhgarach do'n áit, agus ar maidin chuadar thar nais go dtí an áit agus ní raibh ann roimis ach carn glóthaighe agus Sgian na Coise Duibhe shaithte innte.- Faisnéiseoir
- Diarmaid O Suiliobháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceapach na Páirce Thoir, Co. Chorcaí