Scoil: Bréan-tráigh (B.)

Suíomh:
Bréantrá, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Tomás Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0298, Leathanach 296

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0298, Leathanach 296

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Bréan-tráigh (B.)
  2. XML Leathanach 296
  3. XML “Stories about Bán Leathan”
  4. XML “Páirc na hUladh”
  5. XML “Tobar Bhríde”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Timcheall trí céad slat ar an dtaobh thoir theas de Loch Cluthmhar tá "Páirc na h-Uladh. Ní'l an pháirc seo ró fhada ó "Cill na Lárach." Tá cloch mhór sa pháirc agus clocha beaga in aice léi. 'Sé ainm atá ag na Béarlóírí ar an áit ná "Bishop's grave," ach p'cu go bhfuil Easbog curtha ann nú nách h-eadh is fiú an chloch d'fheiscint. Tá crois ar an gcloich agus mór-timcheall na croise tá dhá chearcil. Ní foláir nú gur cloch an-ársa é fé mar a thaisbéanann an dá chearcal. Cómhartha págántachta é seo, agus annsan taisbeanann an chrois 'na theannta go mbaineann sé le chríóstaidheacht.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Donnabháin
    Inscne
    Fireann
  2. Tá oileán lastear den pharóiste timcheall ceathrú mhíle amuigh sa bhfairrge agus " Oileán Bríghde " an ainm air. Tugtar "Rabbit Island" leis air ag na béarlóirí. Deirtear gur chaith Naomh Brighid tamall d'á saoghal ann, agus go raibh tobar beannuighthe ann agus go ndeintí turasanna fé dhein an tobair sin .
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.