Scoil: An Clochar i mBeanntraí (uimhir rolla 9161)
- Suíomh:
- Beanntraí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: An tSiúr Pól
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Uair amháin tháinig Naomh Pádraig go dtí Cum Thóla, i n-aice Bheanntraighe, agus bhí Oisín mac d'Fhionn Mach Chumhaill i n-éinfeacht leis. Bhí cailín aimsire ag Naomh Pádraigh agus ní raibh Oisín sásta leis an méid a gheibheadh sé le n-ithe uaithe.Dubhairt an cailín annsan go dtugadh sé trian aráin, meascán ime agus ceathramha mhairt dó, le h-aghaidh gach béile, agus 'sé an freagra a thug Oisín dí ná, "Is minic a chonnach billeóg eidhneáin níos mó ná do thrian aráin, caor carthann níos mó ná do mheascán ime, agus ceathramha lon-duibh níos mó ná do cheathramha mhairt.Chuir an cailín geall ar Oisín annsan nach bhfaigheadh sé na neithe sin. Caith Oisín bliain ar a lorg. Fuair sé an billeóg eidhneáin i gCaol an Eidhinn, agus fuair sé an caor cárthann i g Cubhar Uí Laoghaire, ach níor bh'féidir leis an ceathramha lon dubh d'fhághail. Bhí bóthairín i n-aice na h-áite 'na rabhadar agus bhí ál coileán ann. Fuair Oisín seithe(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Beanntraí, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Maighréad Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Beanntraí, Co. Chorcaí