School: An Clochar i mBeanntraí (roll number 9161)

Location:
Bantry, Co. Cork
Teacher:
An tSiúr Pól
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0281, Page 219

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0281, Page 219

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i mBeanntraí
  2. XML Page 219
  3. XML “Ruchar Dhaill fé Aill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Uair amháin tháinig Naomh Pádraig go dtí Cum Thóla, i n-aice Bheanntraighe, agus bhí Oisín mac d'Fhionn Mach Chumhaill i n-éinfeacht leis. Bhí cailín aimsire ag Naomh Pádraigh agus ní raibh Oisín sásta leis an méid a gheibheadh sé le n-ithe uaithe.
    Dubhairt an cailín annsan go dtugadh sé trian aráin, meascán ime agus ceathramha mhairt dó, le h-aghaidh gach béile, agus 'sé an freagra a thug Oisín dí ná, "Is minic a chonnach billeóg eidhneáin níos mó ná do thrian aráin, caor carthann níos mó ná do mheascán ime, agus ceathramha lon-duibh níos mó ná do cheathramha mhairt.
    Chuir an cailín geall ar Oisín annsan nach bhfaigheadh sé na neithe sin. Caith Oisín bliain ar a lorg. Fuair sé an billeóg eidhneáin i gCaol an Eidhinn, agus fuair sé an caor cárthann i g Cubhar Uí Laoghaire, ach níor bh'féidir leis an ceathramha lon dubh d'fhághail.
    Bhí bóthairín i n-aice na h-áite 'na rabhadar agus bhí ál coileán ann. Fuair Oisín seithe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Shúilleabháin
    Gender
    Female
    Address
    Bantry, Co. Cork
    Informant
    Maighréad Ní Shúilleabháin
    Gender
    Male
    Address
    Bantry, Co. Cork