Scoil: Dunmore, Kilkenny (uimhir rolla 4331)
- Suíomh:
- An Dún Mór, Co. Chill Chainnigh
- Múinteoir: M. Ó Leathlobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scoltaca Cois Claidhe( Amlaoidh Ó'Suileabháin )
Bhíos ag cainnt leis an bhfear is sine san áit seo cúpla lá o shin, Eamonn Breathnac Dúnmór i bhí sé ag cainnt ar na seana scoileanna. Tá nóca blian slánuighte aige. Rugadh é san áit seo im 1848. Bhí a athair ar scoil Ag Amlaoidh Ó Shuileabháin í gCalainn san condae seo.Deir sé na raibh aon scoil cois claidhe annseo nuair a bhí Amlaidh ag múnadh san baile beag thuas (Calainn).Cuala sé sceal is cead mar geall ar na rudaí a bhí dá mhúnadh ag Amlaoidh.As gaedhilg ar fad a mhuin sé agus bhí togha na gaedilge ag athair Eamonn dréir a sceal féin.Fuair Amlaoidh bás in 1838 deich mblian sul a rugadh ár sgealaidhe fein.Táinig Amlaoidh go dtí ár gCondae timceall (1790) ac ní raibh ann ac lad óg an uair sin. Ba' é a athair Donncadh Ó Suileabáin a bhí ag múnad í gCalainn ar dtúis mar nuair a d'fág sé Ciarraidhe is go dtí Cill Cainnig a tháinig sé. Nuair a fuair a athair bás in 1808 or 1809 bhí ar an mac cúram na scoile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eamonn Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 87