Scoil: Baile an Ridire (uimhir rolla 7887)
- Suíomh:
- Baile an Ridire, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Mac Mágha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Mairinn Mhac Fhínghin Dhuibh
Ó Béal aithris Mhíchíl Uí Murchadha1.
B’osna trí Luimne, Connacht agus Cléir fé cúmha
Is Corcaigh na loingeas, thar tonnaibh d’á dtéidhinn de shiubhal,
Ár ngiúistis Cuthaigh agus ár mbreitheamh do reidteach ár gcúis
Ár gCaraid i ngiuste agus ár ndlighe fuair réim agus clú.
Clú ’gus ceannas agus acmuinn ó’n Rígh Glórmhar
Do bhíodh id’ laca i gan fhios do Rí Cóige
Níl long ná Cathair fé bhrataibh ag Rí Seóirse
Ná go dúbhach id’ dheascaibh agus i mbailte go síor bhrónach.
Is brónach, attuirseach ó’n Chaiseal go Béul Bairnse
Agus buadhartha Banbram ó bhraitinn go Chaiseal go Léim Lárach
Is dúithchí Chairbre ar lasadh gan scéimh áthais
Agus go dubhach Ráth-Chathail mar ar leagadh ár laoch láidir.
Ba láidir, acmuinneach é, ár mbreitheamh agus ba leathan, lúthmhar,
A mharcaigh na gCumann go gcritheadh an talamh fút-sa
Níl eagla dlighthe ná clipe dho bhaile dhúthchais
Ach do caraidh mar Oscar do cuiread ná do chreach ar gcúlaibh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann