Scoil: Baile an Ridire (uimhir rolla 7887)

Suíomh:
Baile an Ridire, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Mac Mágha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 030

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 030

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Ridire
  2. XML Leathanach 030
  3. XML “Filíocht Sheáin Uí Sheochfradha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Filócht Sheáin Uí Sheochfradha
    (ó béal aithris Mhichíl Uí Murchadha. 14.1.1933)
    1. Ar maidin ar an ndrúcht agus mé ag siubhal go pras
    Seadh do dhearcas-sa chugam an cúl-fionn deas.
    Do dhruideas go dlúi le na cúm isteach
    agus sé do labhair sí liúm, ní fiú dhuit stad.
    2. Sí ambasa féin a rúin is fiú liom stad,
    mar do chuireas-sa dúil id ghlúis a bhí go deas,
    mara dtigidh tú liúm, a phlúr na mban,
    go rachadh mé in iúr id chumha (?) gan stad.
    3. Sí a dhuine gan chéill nú? cas é sin uait?
    Thar fearaibh eile an t-saoghail, táim reidh comh luadh(?)
    Ó ceanngaluigeadh mé féin leis an réice gan ghruaim
    agus ná feadar an t-saoghal cár éaluig uaim.
    4.é ó d'éaluigh sé uait, agus gur thréig sé tú,
    agus ó imigh sé le h-aer an t-saoghail mar dhein,
    nách náireach an sgéul duit féin anois,
    bheith a'trácht ar a thréithe baotha liom.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Murchadha
    Inscne
    Fireann