School: Currach Beag (roll number 10721)

Location:
An Comhartha Beag, Co. Chiarraí
Teacher:
Máire, Bean Uí Dhrisceóil
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 008

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 008

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Currach Beag
  2. XML Page 008
  3. XML “Gort an Fhill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Gort an Fheill
    Tá an páirc seo "Gort an Fheill" i bhfearann Riabhach in Oileán Dairbhre. Do tionóiltí pátrún "Deirearca" i mbaile Meadhonach sa Márta gach blían. Tháinig beirt fhear thar chaladh go dhí an pátrún. Chuadar isteach i dtig feirméora. Bhí dhá ghunna aca. Chuaidh a bhean bog cruaidh orthu filleadh abhaile agus gan bacadh leis an bpátrún go raibh tionósg éigin uathbhásach le tuitim amach ag an bpátrún. Níor thógadar comhairle na mná. Do chuadar go dtí an pátrún agus níorbh fhada ann dóibh nuair d'éirig bruighean idir dhá dhream daoine. Do chabhruig an beirt stroinséar le dream aca. Do buaidheadh ar an dream san idreó is gur theith an bheirt soir ar thaobh an chnuch. Do lean an dream eile íad agus thánaghadar suas leo agus do lámhachadar íad araon i bpáirc i mbaile Fearann Riabhac go dtugtar ón lá san go dtí an lá indiu "Gort an Fheil" mar ainm air.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Language
    Irish
    Location
    An Fearann Riabhach, Co. Chiarraí
    Collector
    Seán Ó Fáile
    Gender
    Male
    Informant
    Mícheál Ó Murcadha
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Na Tinní Uachtaracha, Co. Chiarraí