Scoil: Currach Beag (uimhir rolla 10721)
- Suíomh:
- An Comhartha Beag, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Dhrisceóil
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Currach Beag
- XML Leathanach 007
- XML “Áit Uí Cuirc”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá áit ar an dtaobh thuaidh den Oileán seo go dtugtar Áit Uí Chuirc air. I bhFearann Imleach atá sé suidhte.Fuair sé a ainm ó fear abhí in a chomhnaidhe san áit sin fadó.Cuirc dob' ainm don fear seo. Bhí mach amháin aige agus do chreid sé dá ndéarfadh sé "a Thighearna, dein Iarla dom' Mhac." go ndéanfaí Iarla de. Do shín sé é féin ar an leabhaidh agus do lean sé ar na focail do rádh ar feadh tamaill mhaith agus do thuit braon súigh ar a shúilibh agus dubhairt sé "dóghadh agus lúisigh ort a bhotháin súigh" agus do las an tigh mór thimcheall air agus do marbhuigheadh é féin.Níl ins an áit anois ach cúpla carraig mór agus an ainm a tugtar ar an áit sin anois ná Áit Uí Chuirc.
- Bailitheoir
- Máire Ní Néil
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Conchubhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 82
- Seoladh
- An Chúil Thoir, Co. Chiarraí